top of page

Scéim Gaelchara

Scéim 2023 Oscailte Anois/
2023 Scheme Now Open!
Spriocdháta/Deadline: 31/05/2023

 

What is the Gaelchara Scheme?

The aim of the scheme is to give Irish-language learners living within the langauge planning area of Conamara Láir an opportunity to practice Irish as a living, every-day, community language. The basic idea is that the learner improves his or her spoken Irish by participating in a day-to-day activity or pastime with a native speaker (the GaelChara) in a Gaeltacht setting. The learner will team-up with a native speaker and both of them will participate in a social, cultural or sporting activity, be that a craft, a pastime, a sport or other activity or pastime. Irish will be the language spoken and practiced during this time.

​

The learner will get the opportunity to practice their Irish and improve their language skills.

Additionally, it is hoped the leaner will avail of all opportunities to immerse themselves in daily life where Irish is spoken as a community language, and use every opportunity to speak Irish in a natural environment.

The native speaker and the learner are required to commit to a minimum of 30 hours over a 6-month period. 

​

The following will be taken into consideration when assessing the applications:

  • The language objectives of the learner and how these objectives will be achieved.

  • The proposed pastime or activity and a timetable or plan for the project.

  • The motivation of the applicants as regards practicing and improving the language skills of the learner.

  • Extra initiatives that gives added value to the application: for example, extra hours of practice or other activities that will help the learner improve his or her Irish

​

Other information

  • The scheme is only open to residents of Conamara Láir ((Camus, Ros Muc, Cill Chiaráin, Carna, An Caiseal & an Sraith Salach)) who are committed to learning Irish and to native Irish speakers from LPT Chonamara Láir.

  • This scheme does not suit total beginners or those who do not have basic skills in Irish. Priority will be given to those who have a reasonable grasp of Irish (lower intermediate or higher).

  • Applicants cannot be related, ether by blood or marital status

  • The Learner and GaelChara must each provide regular reports on their progress which will be done by keeping a language diary to record progress and outcomes.

  • An independent panel will assess all applications and will also decide on the awards.

  • Spaces for this scheme is limited

​

Grant

  • €250 will be made available to the learner and €250 will be made available to the native speaker.

  • Half the grant will be paid at the start and the remainder will be paid when the programme is completed to the satisfaction of Pleanáil Teanga Chonamara Láir.

  • Any grant awarded must be claimed within a 7 months of the letter of offer.

 

Application process

An Application form must be completed, an independent panel will assess the applications and a committee will decide on the awards.

An application can be made alone or with a recognised Learner/GaelChara. Learners/GaelChara that apply alone will be matched with another suitable Learner/GaelChara.

The application form is available from Pleanáil Teanga Chonamara: 

opt@conamaralair.ie or also, you can download the form from this page (see above)

​

------------------------------------------------------------------------------------------------------

​

Aidhm na Scéime:

Is scéim í seo a bhfuil sé d’aidhm aici deis a thabhairt d’fhoghlaimeoirí Gaeilge i gceantar Chonamara Láir (Camus, Ros Muc, Cill Chiaráin, Carna, An Caiseal & an Sraith Salach) feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga. Déanfar é seo trí dheis a thabhairt dóibh an Ghaeilge a chleachtadh mar theanga bheo i suíomh Gaeltachta. Tabharfar deis don fhoghlaimeoir achar ama a chaitheamh i gcomhluadar cainteora dúchais (an Gaelchara). Beidh an foghlaimeoir in ann cur lena scileanna teanga trí a bheith páirteach i ngníomhaíocht nó caitheamh aimsire leis an gcainteoir dúchais: bíodh sé ina imeacht sóisialta; ag cleachtadh spóirt; ag cleachtadh ceirde; nó trína bheith páirteach i ngníomhaíocht nó i gcaitheamh aimsire de chineál eile.

​

Beidh na rudaí seo a leanas curtha san áireamh agus an t-iarratas á mheas:

  • Tiomantas agus dúthracht na n-iarrathóirí maidir le húsáid na Gaeilge.

  • Cur síos soiléir ar an ngníomhaíocht/caitheamh aimsire agus ar an amchlár oibre.

  • Cur síos ar spriocanna teanga an fhoghlaimeora agus ar an mbealach a bhainfear na spriocanna sin amach.

  • ï‚·Luach breise: gníomhaíocht nó uaireanta breise agus gníomhartha eile a chuirfidh le hacmhainn teanga an fhoghlaimeora.

​

Eolas eile:

  • Tá an scéim oscailte: (i) d’fhoghlaimeoirí Gaeilge atá ag cur fúthu i Limistéar Pleanála Teanga Chonamara Láir, agus (ii) do chainteoirí dúchais gurb as Limistéar Pleanála Teanga iad.

  • Níl an scéim seo oiriúnach do ghlantosaitheoirí nó iad siúd gan bunscileanna na teanga. Tabharfar tús áite d’iarrathóirí a bhfuil leibhéal réasúnta Gaeilge acu, (meánleibhéal íseal nó níos airde).

  • Ní féidir leis na hiarrathóirí aon cheangal fola nó pósta a bheith eatarthu.

  • Beidh ar na rannpháirtithe meastóireacht agus tuairisciú rialta a dhéanamh trí dhialann teanga a choinneáil agus taifead a dhéanamh ar an dul chun cinn.

  • Is painéal neamhspléach a dhéanfaidh measúnú ar na hiarratais agus is iad a dhéanfaidh an cinneadh

  • ï‚·Tá an scéim seo teoranta mar gheall gur scéim phíolótach í.

​

Ciste

  • Cuirfear €250 ar fáil don fhoghlaimeoir Gaeilge agus €250 ar fáil don chainteoir dúchais.

  • Íocfar €100 ag tús na scéime agus an chuid eile nuair atá Oifig Pleanála Teanga Chonamara Láir sásta go bhfuil an clár críochnaithe go sásúil ag na rannpháirtithe.

  • ï‚·Caithfear aon mhaoiniú a cheadófar a éileamh taobh istigh de thréimhse 7 mí ón litir thairisceana.

  • ï‚·Mar gur scéim phíolótach í seo, tá an ciste iomlán teoranta.

​

Próiseas Iarratais
Caithfidh iarrathóirí foirm iarratais a líonadh isteach. Déanfar measúnú ar na foirmeacha iarratais agus roghnóidh painéal neamhspléach na rannpháirtithe.
Is féidir iarratas a dhéanamh go haonarach nó i dteannta foghlaimeora / cainteora dúchais. Cuirfear Foghlaimeoirí/Cainteoirí Dúchais aonaracha le Foghlaimeoirí/Cainteoirí Dúchais eile.

 

Tá an fhoirm iarratais le fáil ach teagmháil a dhéanamh le opt@conamaralair.ie 
Nó rogha foirm iarratais a líonadh tríd 
an suíomh idirlín.

GAELCHARA 2023 (1).jpg
bottom of page