
Ócáidí & Imeachtaí
Lá Eolais/ Gairme 2023
Seo blaiseadh den Lá Eolais/Gairme a d’eagraigh Oifigigh Pleanála Teanga an Iarthair ar an16ú Eanáir, do mhicléinn meánscoile faoi Ghairmeacha agus an saol staidéir agus oibre iar-scoile
Is comhthogra a bhí anseo idir Oifigigh Pleanála Teanga Chonamara Láir, Pleanáil Teanga Chois Fharraige, Gaeilge Dhúiche Sheoigheach & Thuar Mhic Éadaigh, Pobal Rua agus Glór na n Oileán.
Teacht le Chéile 'Buddies Gaeilge' Chonamara Láir
Bhí an-spraoi againn an 20ú Eanáir nuair a tháinig na Buddies Gaeilge ó bhunscoileanna Chonamara Láir le chéile don chéad uair. Reáchtáladh an ócáid in Ionad na nImirceach i gCarna. Fuair na daltaí deis sólaistí beaga a bheith acu leis na coistí Gaeilge (thuasluaite) agus ansin d'fhreastail siad ar cheardlann scéalaíochta le Bríd-Treasa Wyndam ó Fighting Words. D'oibrigh siad le chéile agus chum siad scéilín ar thug siad 'Pócaí Folmha agus Cloigeann tinn' air. Beidh ar gach scoil anois a ndeireadh féin a chur leis an scéal agus táimid ag súil go mór iad a léamh.
'Traenáil na gCoistí Gaeilge'
I gcomhar le Conradh na Gaeilge, d'eagraigh Pleanáil Teanga Chonamara Láir ceardlann in Ionad na nImirceach, Carna do Choistí Gaeilge Iar-bhunscoile an cheantair. Ba é teideal na ceardlainne ná 'Traenáil na gCoistí Gaeilge' agus thug Sibéal Ní Dhuibhir, Comhordaitheoir Dara Leibhéal (Iarthar & Gaeltacht) spreagadh do na daltaí smaointeoireacht chriticiúil a dhéanamh maidir lena dtuairimí i leith na teanga agus leis na bealaí is féidir leo an Ghaeilge a chur chun cinn sa scoil.