top of page

Acerca de

Samhain - Colm Bheilbigh

Eolas Fúinn

Is struchtúr forbartha áitiúil é Forbairt Chonamara Láir Teo., atá ag feidhmiú i gceantar Chonamara Láir ó 2007. Tá an t-eagras déanta suas d’ionadaithe ó choistí pobail sa gceantar feidhme – siad sin

C.P. Chamuis, C.P. Ros Muc, C.P. Chill Chiaráin, C.P. Charna, C.P. an Chaisil agus C.P. Shraith Salaigh. Tá clár oibre an eagrais bunaithe ar riachtanais aitheanta agus féidearthachtaí forbartha an cheantair agus tá inchur láidir ag baill an choiste bainistíochta anseo. Tá an t-eagras lárnach i bhforbairt tograí agus seirbhísí pobail áitiúla, m.sh. soláthar áiseanna pobail, seirbhísí riaracháin agus tacaíochta. Trí dhíriú isteach ar fhorbairt acmhainní áitiúla, an timpeallacht nádúrtha, an turasóireacht, an fharraige agus an cultúr, tá sé mar aidhm ag an eagras feabhas agus forbairt a chur chun cinn ar mhaithe le saol eacnamaíochta agus sóisialta phobal an cheantair.

Sonraí Teagmhála

Máirín Ní Choisdealbha-Seoige
Oifigeach Forbartha Forbairt Chonamara Láir Teo.
Seoladh: Teach an Údaráis, Carna, Co. na Gaillimhe, H91X07X.
Fón: 095 32688 / 087 3294478
Ríomhphost:      fclteo@conamaralair.ie

bottom of page