
Eolas
“Tá Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Chonamara Láir ag feidhmiú mar choiste
ó thús 2016. Tar éis roinnt cruinnithe poiblí agus tar éis achainí ar an bpobal
cuireadh coiste deonach le chéile de bhaill óna ceantair éagsúla sa limistéar
agus ó réimsí éagsúla de shochaí limistéar Chonamara Láir. Bhí sé mar aidhm
ón tús ag an gcoiste an deis seo a thapú trí phróiseas na pleanála teanga na
riachtanais atá againn mar phobal chun inmharthanacht an cheantair mar
cheantar bisiúil Gaeltachta agus tuaithe a chinntiú a chur i láthair na
scairshealbhóirí a mbeidh tionchar acu ar fhíorú na mian aidhme seo sna
blianta amach romhainn. Tá an coiste den tuairim go bhfuil ceangal suntasach
idir pobal láidir Gaeilge agus Gaeltachta agus slí mhaireachtála ar
ardchaighdeán le heacnamaíocht rathúil an limistéir. Bhí an coiste mothálach
gur ag déanamh ionadaíochta do phobal an limistéir a bhíodar agus cuireadh
béim ollmhór ar ionchur an phobail ó thús deireadh an phróisis seo. Tá plean
cuimsitheach curtha le chéile anois a thugann léargas ar stádas na Gaeilge sa
gceantar chomh maith le láidreachtaí agus riachtanais an limistéir mar
cheantar Gaeltachta. Tá bearta atá uaillmhianach ach réalaíoch ann chun an
Ghaeilge agus an tsaíocht Ghaelach a chur chun cinn mar mhóracmhainn
d’fhorás eacnamaíoch, oideachasúil, cultúir agus sóisialta sa limistéar don
seacht mbliana amach romhainn agus do na glúnta ina dhiaidh sin.”
Sonraí Teagmhála
Anne Uí Dhonnacha, Oifigeach Pleanála Teanga opt@conamaralair.ie / 087 1875384