top of page

Is ceantar é Camus le radhairc brrátha ar muir is ar thír. Tá sé 56.17km/34.9 míle as Cathair na Gaillimhe. Tá muintir na háite dátheangach, chomh líofa i mBéarla is atá siad ina dteanga dúchais, Gaeilge. Is ceantar é ina bhfuil saibhreas cultúir, amhránaíochta, ceoil agus damhsa ag baint leis. Áit stairiúil é Túr Chamuis, áit ina mbíodh muintir na hÉireann ag coinneáil súil amach do na Black & Tans. Cé go bhfuil an túr seo tithe anois tá radhairc breátha tírdhreacha agat den cheantar mórthimpeall ina bhfuil na Beanna Beola, Ros Muc, Carna agus na hOileáin le feiceáil. 

Camus

Fáinne Chamuis Pic 2 ó Colm Welby.jpg
Fáinne Chamuis Pic 2 ó Colm Welby.jpg

Is minic a bhíonn daoine ag tóraíocht míniú ar an bpíosa dealbhóireachta seo ach tráthnóna ciúin agus duine ina shuí ag breathnú ar na cnoic agus ar chuan Chamuis tagann focail Desmond Ryan, iar dhalta de chuid an Phiarsaigh chun cuimhne. Níl áit eile cosúil léi in Éirinn.

Píosa tógtha ón irisleabhar Camus 2019

MADRA Galway - a dog rescue & adoption group. We have a variety of dogs of all breeds, shapes and sizes ready for you to adopt. We are committed to the improvement of the welfare of dogs in Ireland.

madra.png

Beachadóirí lonnaithe i gCamus. Díolann siad a gcuid meala féin, subhanna baile, balsam béil agus uibheacha óna mbosca ionracais ag a dteach i gCamus.

Jams-Marmalade.jpeg
Screenshot 2022-05-21 at 16.44.30.png

Rudaí Le Déanamh

Más ag rothaíocht nó i gcarr atá tú ag taisteal, tá cuid de na radhairc is breátha i gConamara le feiceáil agus tú ag taisteal ar an lúb seo.

Agus tú ag tabhairt d’aghaidh siar ó Chathair na Gaillimhe ar bhóthar an Chósta, R336, tiocfaidh tú chomh fada le Doire an Fhéich, Casla. Cas ó thuaidh agus tabhair d’aghaidh ar Scríb. 7 gciliméadar suas an bóthar sin, tiocfaidh tú chomh fada le Camus Íochtair. Lean an bóthar ar thaobh na láimhe clé a thabharfaidh thart timpeall Chamuis tú agus chomh fada le Fáinne Chamuis, pointe sár-radhairc ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tabharfaidh bóthar Chamuis amach ar an R336 arís tú go dtiocfaidh tú go Scríb.

Ag Scríb tóg an bóthar ar chlé, R340, a thabharfaidh tú chomh fada le hIonad Cultúrtha an Phiarsaigh agus Teach an Phiarsaigh i Ros Muc. Féadfaidh tú turas a thabhairt ar an Ionad Cultúrtha agus ar an teach saoire a bhí ag ceannaire Éirí Amach 1916.

Má leanann tú an R340, rachaidh tú go Cill Chiaráin agus Carna, ceantar Iorras Aithneach, áit a bhfuil tránna áille agus radhairc breátha.

Tabharfaidh an R340 chomh fada leis an gCaiseal tú, áit a bhfuil Tuama Meigiliteach.

Ag deireadh an R340, cas ar dheis agus tabharfaidh an N59 chomh fada leis an Sraith Salach tú, áit a bhfuil Máméan, láthair oilithreachta in ómós Naomh Pádraig.

bottom of page