Acerca de

Feachtas Chonamara Láir
Sheol pobal Chonamara Láir i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta an feachtas
uaillmhianach seo ar Lá Mhic Dara, 2021. Cuireadh Conamara Láir, ceantar bródúil
tuaithe atá lonnaithe ar chósta maorga Chonamara, chun cinn mar cheann de na
ceantair is fearr ar domhan chun cónaithe agus chun oibre ann.
Rinne an feachtas cur síos ar an saol mar atá ag daoine áitiúla agus daoine a bhog
chuig an gceantar, agus na deiseanna a cuireadh ar fáil dóibh ó thaobh gnó agus
fostaíochta de.
Trí scéalta cumhachtacha pearsanta áitiúla a insint, ba í aidhm an fheachtais ná go
ndéanfaí teagmháil le daoine, teaghlaigh agus gnóthaí, go roinnfí eolas leo agus go
ndéanfaí iad a spreagadh chun cur fúthu agus páirt ghníomhach a bheith acu sa
bpobal cultúrtha bríomhar Gaeltachta seo.
Ó cuireadh tús spleodrach leis an bhfeachtas seo, tá go leor fiosrúchán faighte ó
thimpeall na tíre agus na cruinne, ó theaghlaigh, ó dhaoine aonair agus ó ghnólachtaí.
Tá 121 fiosrúcháin beo idirlámha i gConamara Láir cheana féin agus tá Forbairt
Chonamara Láir Teo., i gcomhfhreagras le gach ceann.
Ar an 1ú Méan Fómhair, d'fhógair Oireachtas na Gaeilge gearrliosta do Feachtas
Meáin Shóisialta na bliana 2021. Is ar Mháirín Ní Choisdealbha -Seoige a bhí an
lúcháir, ardú croí agus meanman nuair a d'fhógair Máirín Nic Dhonnchadha,Stiúrthóir
Gníomhach an Oireachtais gurbhé Feachtas Chonamara Láir a bhuaigh an gradam sa
chatagóir seo.
