top of page

Máistirphlean Fuinnimh Chonamara Láir

Sheol Rónán Mac Con Iomaire an Máistirphlean Fuinnimh do cheantar Chonamara Láir go hoifigiúil ar an 21 Samhain i gColáiste Chuimhneacháin an Phiarsaigh, Rosmuc. Tá an Máistirphlean Fuinnimh i gConamara Láir mar thoradh ar thaighde áitiúil agus ar iniúchadh BER chun an bonnlíne Fuinnimh i gConamara Láir a mheas. Tugann an Plean an deis dúinn mar phobal tabhairt faoi thionscadal pobalbhunaithe chun ár lorg carbóin a ísliú trínár tithe cónaithe, áiseanna pobail agus foirgnimh gnó ar fud Chonmara Láir. Tá Forbairt Chonamara Láir Teo., cláraithe mar Phobal Fuinnimh Inmharthana a ligeann dúinn tograí tairbheacha sa Phobal a fhiosrú le tacaíocht ó SEAI. Táimid tar éis tús a chur le clinicí SEAI Tithe Níos Teo (Warmer Home Scheme). Táimid ag obair lenár hallaí pobail chun maoiniú oiriúnach a lorg chun a n-áiseanna a iarfheistiú. In 2023 déanfar iniúchadh ar sceideal deiseanna breise i gcomhar le Coistí Áitiúla. Is deis í seo don phobal tabhairt faoin lorg carbóin a ísliú agus an costas maireachtála a laghdú.

Tuilleadh eolais: fclteo@conamaralair.ie 095 32688 www.conamaralair.ie

Ceardlann SEAI- Bunscoileanna Chonamara Láir

thumbnail_IMG_3317.jpg
85b4b413-2490-4d8e-9234-c251e554d4c4.JPG

I gcomhar le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI), d'eagraigh Pleanáil Teanga Chonamara Láir ceardlanna fuinnimh a reáchtáil do bhunscoileanna an cheantair. Ba í Catherine Daly a bhí mar áisitheoir agus thug sí cuairt ar na hocht scoil ar fad atá sa limistéar ón 23ú go dtí an 27ú lá de Bhealtaine agus bhí Guzzler, sonóg muinteartha cheardlanna an

SEAI, ina cuideachta.

Thug an tionscnamh SEAI seo ceardlanna fuinnimh agus

inbhuanaitheachta isteach i seomraí ranga scoileanna Ghaeltacht

Chonamara Láir ar bhealach taitneamhach agus idirghníomhach.

Bhí daltaí sóisearacha agus sinsir na mbunscoileanna lán-

pháirteach i ngníomhaíochtaí éagsúla a chabhraigh leo iniúchadh

a dhéanamh ar fhuinneamh agus na téarmaí dá tháirgeadh agus

dá úsáid a thuiscint. D'fhoghlaim siad faoi gháis cheaptha teasa

agus athrú aeráide. Rinne siad macnamh ar bhealaí gur féidir leo

féin fuinneamh a shábháil. Mar a deir Catherine féin,

'Ar scáth a chéile a mhairimid, mar sin is féidir linne cruth eile a

chur ar an scéal!'

Bleibíní do na Beacha

Shocraigh Forbairt Chonamara Láir Teo., Pleanáil Teanga Chonamara Láir & Óige na Gaeltachta Muintearas Teo., ceiliúradh a dhéanamh ar 35 bliain de Gaisce (Gradam an Uachtaráin). Mar chuid den cheiliúradh, tháinig Clubanna Óige uile (5-12 Bliain) i gConamara Láir agus chuir siad bolgáin phailneoirí-chairdiúla a bhí curtha ar fáil dhúinn ag Forum Chonnemara CLG, in áit le todhchaí ár ndaonra beacha ríthábhachtach a chosaint.

Thángadar le chéile i:

📍Scoil Bhriocáin, Ros Muc

📍Séipéal Chill Chiaráin

📍Halla Pobail an Chaisil

Ba mhaith le FCL Teo., Pleanáil Teanga Chonamara Láir

& Óige na Gaeltachta Muintearas Teo. buíochas ó chroí a

ghlacadh le Paddy Finnerty, Cumann Beacha Chonamara, leis na

gasúir, na clubanna óige agus gach duine a tháinig agus a thug

cúnamh ar an lá. Bhí an-lá againn ar fad.

Ceardlann Eolais maidir le Tithe Tréigthe

Bhí lán halla ag an gCeardlann Eolais a reáchtáladh ar an 17ú Bealtaine in Ionad Pobail Chill Chiaráin. Thug an cheardlann seo, a bhí eagraithe ag Forbairt Chonamara Láir i gcomhar le Údarás na Gaeltachta, deis thábhachtach don phobal eolas a bhailiú maidir le maoiniú chun tithe tréigthe a athchóiriú d’úsáid phríobháideach nó do mhargadh cíosa fadtéarmach.

I láthair ar an tráthnóna, bhí painéal de chainteoirí ó Chomhairle Contae na Gaillimhe, SEAI agus Gníomhaireacht Fuinnimh na Gaeltachta.

Déanadh plé ar an Scéim Croí Cónaithe, Iasacht Tí Údaráis Áitiúil agus deontais eile. Freisin, bhí seastáin ag ionadaithe ó Bhanc Aontas na hÉireann & Comhar Creidmheasa Chonamara ann chun comhairle a chur ar dhaoine ar mhian leo tuilleadh eolais a fháil faoi thacaíochtaí airgeadais.

Ba mhaith le Forbairt Chonamara Láir buíochas a ghlacadh leis na haoichainteoirí ar fad, ionadaithe ó Bhanc Aontas na hÉireann & Comhar Creidmheasa Chonamara, Údarás na Gaeltachta, gach duine a chabharaigh agus a thug tacaíocht le heagrú na ceardlainne, agus ar ndóigh leis an bpobal a tháinig amach ar an oíche.

bottom of page