Bunscoileanna
Tá ocht mbunscoil i limistéar Pleanála Teanga Chonamara Láir.
Seo blaiseadh de na tograí/scéimeanna atá forbartha ag PTCL i gcomhar leis na scoileanna.
.jpg)
Buddies Gaeilge Chonamara Láir
Is scéim nua í seo a d'fhorbair Pleanáil Teanga Chonamara Láir i gcomhar leis na múinteoirí ranga. Go bunúsach, is éard atá i gceist léi ná go bhfuil na daltaí níos sine ag feidhmiú mar mheantóir/chúntóir Gaeilge a chabhraíonn leis na páistí eile. Is í aidhm na scéime ná spreagadh a thabhairt do na meantóirí Gaeilge a bheith muiníneach agus iad ag labhairt na teanga agus bród agus meas a chothú don Ghaeilge. Ina theannta sin, ní hamháin go gcabhróidh siad leis an múinteoir, foghlaimeoidh siad trí thaithí, éireoidh siad neamhspleách agus forbróidh siad a scileanna ceannaireachta.
Cairde Pinn
Ghlac os cionn 50 bhunscoil agus 1,000 gasúr ar fud na Gaeltachta (seacht scoil ó cheantar Chonamara Láir) páirt sa togra CAIRDE PINN a d'eagair Oifigigh Pleanála Teanga na Gaeltachta, agus iad ag scríobh litreacha chuig a chéile. Insíonn an pictúir seo a sheol Scoil Mhuire Rosmuc chugainn an gliondar a bhíodh ar na gasúir agus iad ag fáil a litir óna gcairde pinn.

Ceardlann SEAI- Bunscoileanna Chonamara Láir


I gcomhar le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI), d'eagraigh Pleanáil Teanga Chonamara Láir ceardlanna fuinnimh a reáchtáil do bhunscoileanna an cheantair. Ba í Catherine Daly a bhí mar áisitheoir agus thug sí cuairt ar na hocht scoil ar fad atá sa limistéar ón 23ú go dtí an 27ú lá de Bhealtaine agus bhí Guzzler, sonóg muinteartha cheardlanna an
SEAI, ina cuideachta.
Thug an tionscnamh SEAI seo ceardlanna fuinnimh agus
inbhuanaitheachta isteach i seomraí ranga scoileanna Ghaeltacht
Chonamara Láir ar bhealach taitneamhach agus idirghníomhach.
Bhí daltaí sóisearacha agus sinsir na mbunscoileanna lán-
pháirteach i ngníomhaíochtaí éagsúla a chabhraigh leo iniúchadh
a dhéanamh ar fhuinneamh agus na téarmaí dá tháirgeadh agus
dá úsáid a thuiscint. D'fhoghlaim siad faoi gháis cheaptha teasa
agus athrú aeráide. Rinne siad macnamh ar bhealaí gur féidir leo
féin fuinneamh a shábháil. Mar a deir Catherine féin,
'Ar scáth a chéile a mhairimid, mar sin is féidir linne cruth eile a
chur ar an scéal!'