top of page

Iarbhunscoileanna

Tá dhá iarbhunscoil i limistéar Pleanála Teanga Chonamara Láir- Coláiste na bPiarsach, Rosmuc agus Scoil Phobail Mhic Dara, Carna.

Seo blaiseadh de na tograí/scéimeanna atá forbartha ag PTCL i gcomhar leis na scoileanna.

Coiste Gaeilge na nÓg

Bunaíodh na coistí seo sa dá iarbhunscoil agus eagraíodh ceardlann i gcomhar le Conradh na Gaeilge 'Traenáil na gCoistí Gaeilge' agus thug Sibéal Ní Dhuibhir, Comhordaitheoir Dara Leibhéal (Iarthar & Gaeltacht) spreagadh do na daltaí smaointeoireacht chriticiúil a dhéanamh maidir lena dtuairimí i leith na teanga agus leis na bealaí is féidir leo an Ghaeilge a chur chun cinn sa scoil. Cruthaíonn sé seo nasc tábhachtach idir na daltaí agus foireann PTCL agus bíonn teagmháil leanúnach eatarthu. Reáchtáil Pleanáil Teanga Chonamara Láir, i gcomhar le Gaeloideachas agus Energia, an ócáid ‘Aistear na Scoile’ ar an 8ú Márta (le linn Sheachtain na Gaeilge) i Halla Pobail Chill Chiaráin chun deis chun aitheantas a thabhairt do na Coistí Gaeilge agus ceiliúradh a dhéanamh ar 'Buddies Gaeilge', scéim a cuireadh i bhfeidhm i mbunscoileanna an cheantair. 

Lá Eolais

Ar an 3ú Márta d'eagraigh Pleanáil  Teanga Chonamara Láir Lá Eolais don dá iarbhunscoil atá sa gceantar agus do phobal Chonamara Láir. Ba ócáid iontach agus rathúil a bhí ann agus táthar thar a bheith sásta leis an slua a tháinig ann. Tugadh deis tábhachtach do scoláirí agus an pobal  eolas a bhailiú san aon áit amháin maidir le gairmeacha éagsúla, eolas ar chúrsaíatá á n-ofráil ag institiúidí tríú leibhéal agus printíseachtaí agus le ar ndóigh cuireadh béim ar na féidearthachtaí a bhaineann le saol na Gaeilge chomh maith. B’iontach an oiread sin daoine óga ón nGaeltacht a fheiceáil bailithe le chéile, agus an oiread sin saineolais á roinnt leo.

 

De bharr an rathúlacht a bhí ar an gcéad Lá Eolais/Oscailte anuraidh, bheartaigh PTCL agus LPT's an Iarthair comh thogra a dhéanamh don ócáid I mbliana agus é a oscailt do na Iarbhunscoileanna ar fad in Óstán Chois Fharraige I mí Eanáir seo caite.

Cúrsa Fáilteachais

Is é seo an chéad chúrsa dá leithéid a reáchtáladh trí Ghaeilge agus tá sé ar siúl an mhí seo don dara bliain as a chéile. Dearadh an cúrsa nua seo go sonrach do cheantar Chonamara Láir I gcomhar leis an gcomhlacht Bane Mullarkey. Cuireann an cúrsa bunscileanna fáilteachais chun cinn chomh maith leis an tábhacht agus an tóir a bhíonn ar ár dteanga, ár gcultúr, traidisiún agus ár n-oidhreacht a mheabhrú do na scoláirí.

bottom of page