Is í aidhm Cairdeas ná seirbhísí ar ardchaighdeán a sholáthar do dhaoine aonair agus dá muintir chun tacú le maireachtáil ina bpobal. Beidh an tseirbhís ag feidhmiú trí lá sa tseachtain, Dé Luain, Dé Céadaoin & Dé hAoine sna ceantair Cill Chiaráin, Carna & An Caiseal. Tá deis ag daoine an tseirbhís a úsáid ar feadh lá amháin, dhá lá nó trí lá gach seachtain. Déanaimid ár ndícheall caidreamh dearfach a chruthú sa bpobal lena chinntiú go gcomhlíontar na riachtanais go léir.
o Caidreamh a chruthú le daoine aonair agus le teaghlaigh sa phobal o Seirbhísí ar ardchaighdeán a sholáthar agus a chothabháil sa phobal o A chinntiú go gcaitear le cliaint le dínit agus le meas o Oibriú i gcomhar le gnólachtaí áitiúla agus le gairmithe cúram sláinte áitiúla chun leanúnachas seirbhísí a chinntiú

