top of page
  • Instagram
  • Facebook
  • https://twitter.com/conamaralair?lang=en

Togra Pobal

Fáiltímid roimh cheiliúradh agus tuilleadh eolais ar na mórshaothair i gConamara Láir a shíneann achar bóthair c.35Km ó Chamus, Ros Muc, Cill Chiaráin, Carna agus ó thuaidh go dtí An Caiseal, Sraith Salach agus siar go hInis Ní agus Iorras Beag Thiar in abhantrach Chloch na Rón agus an Léim in Uachtar Ard. Tá tírdhreach an limistéir chomh hálainn agus chomh héagsúil le haon áit eile sa tír nó ar domhan le farraigí, sléibhte, locha agus gleannta suite faoi chúlra maorga na mBeanna Beola.

 

Déanann an leabhar seo cur síos ar roinnt den stair áitiúil a bhaineann leis na suíomhanna spéisiúla seo. Cuireann a leithéid d’ eolas lenár dteanga, lenár dtraidisiúin, lenár n-oidhreacht, ag cothú agus ag neartú an teanga i measc an phobail agus cuairteoirí araon, chomh maith le bheith ina leabhar foghlama don chéad ghlúin eile. Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as an leabhar seo agus go mbeidh eispéireas uathúil agat ag léamh agus ag dathú na láithreacha éagsúla.

Fáilte go Conamara Láir - le seoladh ag G Chló_page-0001.jpg
Togra PobalLimistéar Pleanála Teanga Chonamara Láir
00:00 / 1:01:36
bottom of page