top of page

'Mea-Ghabhair'

Is togra é seo chun ómós a thabhairt do chartlann Éamonn De Buitléar a bronnadh ar Ollscoil na Gaillimhe roinnt blianta ó shin agus atá anois san Acadamh na hOllscoile i gCarna.

Is ceiliúradh é an tionscadal seo ar oidhreacht an cheantair, ar chultúr comhaimseartha an cheantair, meas ar ár ndúlra, ceiliúradh agus tacaíocht dár n-ealaíontóirí cumasacha, malartú saineolas agus comhchruthú idir na glúnta.

Chuir Jackie Mac Donnacha, file agus scríbhneoir aitheanta, tús lena chuid taighde roimh an bpaindéime agus d’oibrigh sé go dlúth le rannpháirtithe éagsúla chun an dán físiúil MeaGhabhair a chur i gcrích. Thugadh sé cuairt go rialta ar Chartlann Acadamh na hOllscoile, Carna chun an script a chuir le chéile.

Tar éis roinnt iarrachtaí, bhí an t-ádh linn an comhlacht scannánaíochta Oileán IT a fháil ar bord chun

taifead a dhéanamh ar na míreanna éagsúla agus chun roinnt ábhar a thógáil ón gcartlann.

Mar atá le feiceáil agus le cloisteáil sa bhfíseán, ghlac scoláirí óga an cheantair páirt i gceol, amhránaíocht, damhsa, ealaíon agus rinne siad tráchtaireacht ar an script féin. Rinneadh teagmháil le ceoltóirí a bhí lárnach i saol Éamon De Buitléar agus rinne siad píosa álainn taifeadta don fhíseán. 

Is éard atá sa dán fhísiúil seo ná saibhreas na hoidhreachta a nascadh leis na meáin dhigiteacha agus an saibhreas cultúrtha, oidhreachta agus timpeallachta atá thart orainn a mheabhrú dúinn.

​

Bhí an t-ádh linn don Oíche Chultúir go raibh Áras na hOllscoile lán de mhuintir na háite, nuair a sheol Dónal Ó Braonáin, leachtóir do chuid na hOllscoile, an dán físiúil ‘Mea Ghabhair’. Thug Jackie Mac Donnacha cúlra an tionscadail agus chuir grúpa leanaí óga Chomhaltas Charna taispéantas ar leith os ár gcomhair. Chuir Máirtín C. Ó Cualáin clabhsúr spleodrach leis an oíche le píosa álainn ar an mbosca ceoil. 

​

Ba mhaith linn buíochas speisialta a léiriú do fhlaithiúlacht chartlann Éamoinn De Buitléar agus, mar a deir an seanfhocal, 'ní neart go cur le chéile' agus mar sin caithfear buíochas a ghlacadh le gach duine, eagraíocht, ceoltóir, dalta scoile, srl, a chuidigh leis an dán fhísiúil ‘Mea Ghabhair’ a chruthú agus a sheoladh d’Oíche Chultúir 2023:

​​

  • Forbairt Chonamara Láir Teo. & Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Chonamara Láir

  • Jackie Mac Donncha, File & Scríbhneoir

  • Clann De Buitléar ar fad ach go háirithe  Cian & Doireann De Buitléar 

  • Feidhlim Ó Cualáin - Oileán IT & chomhghleacaí Luc Ó Flatharta 

  • Foireann Acadamh na hOllscolaíocht, Carna - Dónall Ó Braonáin (Fear An Tí), Séamas Ó Concheanainn, Bríd Nic Dhonncha (Cartlann Acadamh na hOllscoile, Carna), Máire Bríd Breathnach (riarthóir an ionaid) & Máitiú Ó Maoilchiaráin 

  • Ríonach Ní Néill 

  • Briocán Bairéad – Iar-Oifigeach Pleanála Teanga 

  • Údarás Na Gaeltachta 

  • Rannpháirtithe na Scéimeanna fostaíochta 

  • Ealaín na Gaeltachta- Muireann Ní Dhroighneáin, Beartla Ó Flatharta, Michael Ó Fearraigh 

  • An Chomhairle Ealaíon  

  • Aoife Dowd - Ealaíontóir

  • Scoláirí Scoil Phobail Mhic Dara- Abaigh Bairéad, Dara Ó Cualáin, Ciarán Mac Craith, Máirtín Ó Cuirrín, Keira Ní Chualáin, Ciara Ní Loideáin, Clíona Dunne, Róisín Ní Chlochartaigh, Sinéad Breathnach, Mac Dara Ó Maoláin agus Ciara Ní Mhaoilchiaráin

  • Michael Ó hAlmháin, Ceoltóir & Iarbhall do Cheoltóir Laighean 

  • Mary Bergin, Ceoltóir & Iarbhall do cheoltóirí Laighean 

  • Máirtín C. Ó Cualáin, Ceoltóir  

  • Ailish Nic Ghiollaphádraic, Amhránaí 

  • Na damhsóirí álainn a rinne an píosa cruthaitheach damhsa agus a gcuid tuismitheoirí a thaca linn - Bridie Nic Ghiollaphádraic, Amy Nic Ghiollaphádraic, Cathy Uí Cheannabháin, Aoife Ní Cheannabháin, Róisín Ní Cheannabháin, Suzanne Uí Chonghaile, Sadhbh Ní Chonghaile, MaryAnn Neachtain, Shauna Ní Neachtain hAnnracháin, Zoey Ní Mhaoilchiaráin, Barbara Nic an Ríogh, Sarah Nic Dhonnacha & Úna Mhic Dhonnacha 

  • Máire Áine Uí Chuaig - Ceoltóirí Óga/Comhaltas Charna 

  • Clíona, Fiona, Catherine agus an fhoireann ar fad Tigh Mheaic 

  • Simon Boyle - Grianghrafadóir 

Dán Físiúil Mea-Ghabhair

Oíche Chultúir 2023

Físeán 2 Mea-Ghabhair

bottom of page