top of page

Cairdeas

Is í aidhm Cairdeas ná seirbhísí ar ardchaighdeán a sholáthar do dhaoine aonair agus
dá muintir chun tacú le maireachtáil ina bpobal.
Beidh an tseirbhís ag feidhmiú trí lá sa tseachtain, Dé Luain, Dé Céadaoin, Dé
hAoine sna ceantair Cill Chiaráin, Carna & An Caiseal. Tá deis ag daoine an tseirbhís
a úsáid ar feadh lá amháin, dhá lá nó trí lá gach seachtain.
Déanaimid ár ndícheall caidreamh dearfach a chruthú sa bpobal lena chinntiú go
gcomhlíontar na riachtanais go léir.


o   Caidreamh a chruthú le daoine aonair agus le teaghlaigh sa phobal
o   Seirbhísí ar ardchaighdeán a sholáthar agus a chothabháil sa phobal
o   A chinntiú go gcaitear le cliaint le dínit agus le meas
o   Oibriú i gcomhar le gnólachtaí áitiúla agus le gairmithe cúram sláinte áitiúla chun
     leanúnachas seirbhísí a chinntiú


Má theastaíonn uait an tseirbhís seo a úsáid, níl le déanamh agat ach an fhoirm
chláraithe a líonadh isteach agus a sheoladh ar ais chugainn láithreach
chuig Cairdeas, Forbairt Chonamara Láir Teo.,

Teach an Údaráis, Carna, Conamara ,
Co. na Gaillimhe nó glaoch a chur orainn ag 087 329 4478.

Ceannaigh anois ar líne!
An Neasghaol
Dé Luain
Dé Céadaoin
Dé hAoine

*7 béile sa tseachtain ar a mhéid

An error occurred. Try again later

Your content has been submitted

bottom of page